Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí.

Measúnú Rangbhunaithe: Mo phróifíl phearsanta

Is é an Measúnú Rangbhunaithe seo an phróifíl phearsanta ina dtugtar breac-chuntas ar an dul chun cinn a dhéanann an scoláire i rith an chúrsa. Ba cheart próifíl phearsanta níos túisce a chomhlánú sula dtosaíonn an scoláire ar an ngearrchúrsa Fanacht Slán, Breathnú go Maith, Bheith Iontach. Ba cheart an dara próifíl phearsanta a chruthú ansin nuair atá an cúrsa críochnaithe.

Tugtar deis sa phróifíl phearsanta don scoláire machnamh a dhéanamh ar na rudaí a d’fhoghlaim sé agus na hathruithe atá déanta aige chun dearcadh dearfach a fhorbairt i leith a fholláine fisiciúla, mothúchánaí agus meabhraí. Is féidir léirmhíniú sách leathan a dhéanamh ar an teideal agus d’fhéadfaí aon fhormáid nó meascán d’fhormáidí a áireamh ann (fianaise ghrianghrafadóireachta/físe, ceistneoir, agallamh, rólimirt, srl.) a chuireann ar chumas an scoláire an méid atá bainte amach aige i ndáil le heolas foghlamtha agus scileanna forbartha a léiriú.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.